Home »

Hurling and football Scolarships sa Ghaeltacht.

14 May, 2015

Another

STRANGE BUT TRUE TALE,

Do you know, that fadó, fadó, (long, long ago), hurling used to be played ar An Trá Bán, the beautiful beach on the Great Blasket Islandland on Christmas Day. Appearantly it was a fairly dangerous affair, with many injuries.

Scoláireachtaí Gaeltachta Comhairle na Mumhan

Tuilleadh eolais, (More info) from,

Tá breis eolais maidir leis na scoláireachtaí seo le fáil ó Oifig Chomhairle na Mumhan nó na Boird Chontaetha nó

Ger Ryan | Munster GAA PRO | Gearóid Ó Riain |OCP Comhairle na Mumhan

086-8149146 |[email protected] |www.munster.gaa.ie

Find us on Facebook |Follow us on Twitter

 

Ar ocáid forghartha craobh peile agus iomána na Mumhan i gCaisleán na Carraige Duibhe, sheol Cathaoirleach Chomhairle na Mumhan, Roibeard an tSeaca, Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta an Chomhairle.  Tá an scéim seo i gcomhpháirtíocht leis na Boird Chontaetha agus na Coláistí Gaeilge.

 

Bronnfar scoláireachtaí ar dhéagóirí, idir bhuachaillí agus chailíní, chun freastal ar chúrsaí Gaeilge trí seachtaine sa Ghaeltacht ina gcuirtear béim ar scileanna peile is iománaíochta.  Bíonn na cúrsaí seo á reáchtáil ag Coláistí Chorca Dhuibhne i gCiarraí Thiar, Coláiste na Rinne i gContae Phort Láirge agus Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gCorcaigh.

 

Tá feachtais éagsula curtha ar bun againn i CLG chun usáid na Gaeilge a leathnú i measc ar mbaill sna Chlubanna. Tá tacaíocht a tabhairt again leis do muinteoirí agus scoileanna chun usáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc na ndaoine óga. Gan rannpháirtiocht na muinteoirí agus na macléinn ní bheidh an lá linn. Is mar cuid don bhfeachtas seo a bhronnamar na scoláireachtaí seo.

 

Thug an Chomhairle 356 scoláireacht do bhuachaillí agus do chailíní chun freastal ar na cúrsaí seo anuraidh agus bhí Comhairle na Mumhan thar a bheith sásta leis an slí a reáchtáladh na cúrsaí agus bhí breis forbartha ar na cluichí.  Thar ceann Coláistí Chorca Dhuibhne thug Roibeard MacGearailt cabhair le scileanna peile agus Eamonn MacMuiris cabhair le scileanna iománaíochta a fhorbairt.  Bhí searmanas chun an fáinne agus teastas a bhronnadh ar na mic léinn a d’fhreastal ar chúrsa speisialta i gColáistí Chorca Dhuibhne i mí Lúnasa.  I láthair don ócáid bhí an tUachtarán tofa Aogán Ó Fearghail,Cathaoirleach  Chomhairle na Mumhan, Oifigigh Bhord an Chontae i gCiarraí, Cigirí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Cigirí ón Roinn Oideachais agus foireann Choláistí Chorca Dhuibhne.

 

Bhí cúrsa i bhforbhairt scileanna na gcluichí i gColáiste na Rinne i dteaca le coiste chontae Port Láirge agus bhronn Oifigigh Bhord an Chontae i bPort Láirge teastaisí.

 

Tá Coiste Cultúrtha Chomhairle na Mumhan i bhfeighil na scéime seo agus tá dlúth cheangal ag an gCoiste Cultúrtha leis na Coláistí.  Meabhraíonn sé dúinn an tábhacht atá leis an nGaeilge mar theanga labhartha i measc na ndaoine.  Tá na daoine óga seo chun tréimhse a chaitheamh i measc na ndaoine arb’ í an Ghaeilge a ngnáth meán cumarsáide laethúil; uaireanta déanaimid dearmad go bhfuil saibhreas agus oidhreacht chultúrtha mar seo i mbéal dorais againn.  Is í an aos óg a chinnteoidh go mbeidh ár dteanga féin slán agus is trí chomhoibriú agus trí chomhar i measc eagrais mar Chumann Lúthchleas Gael, an Stát, múinteoirí scoileanna, na meáin, coláistí Samhraidh agus an pobal i gcoitinne a thabharfar an spreagadh seo dóibh in úsáid a dteanga féin.  Gura fada buan í inár measc.

 

Derry Ó Murchú, Rúnaí, Coist Culturtha na Mumhan

Web Design by Granite Digital